sna trithí (dubha) gáire
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Sna harraingeacha ag gáire.
Samplaí corpais
Ba shuarach an taca an Calacholg i gcoinnibh do chlaidhimh-se, dá mbéadh sé agat. Chuir san an chuideachta airís ins na trithíbh gáirí. Níor labhair Eisirt focal.
Fé dheire do phléasg an gháire amach d'á aimhdheóin. Chuaidh sé in sna trithíbh dúbha ag gáirí. Nuair a bhíodh tritheamh curtha dhe aige thagadh tritheamh ba dhéine 'ná san air,
Do chasadh sé agus do lúbadh sé an ceól i dtreó gur dhóich leat gur rud éigin beó a bhí ann agus bhíodar féin ag dul insna trithíbh dubha ag gáiridhe nuair a chonnacadar an radharc,
Úsáid
Cuireann 'dubh' béim bhreise ar an nath.
Samplaí breise
Sna trithí (dubha) gáire, convulsed with laughter
2. To be in fits of laughter, bheith sna trithí dubha le gáire, in arraingeacha ag gáire.
helpless with laughter, sna trithí gáire, everyone was in knots bhí gach duine sna trithí gáire, bhí gach duine sna harraingeacha ag gáire