ag dul sa mhuileann (ar)
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Rud a bhíonn ag éirí casta nó doiléir.
Samplaí corpais
"Duine réidh chun a phósta, agus é ag dul chun cainte leis an mnaoi óig, agus é tar éis bheith ag caint leis an sagart, gan casóg gan hata air, aprún gréasaidhe air, céir ar a mhéireanaibh, agus coinneal 'na dhá shúil! Tá an sgeul ag dul sa mhuilion orm." Agus do bhuail sé amach agus suas chun a ghnótha.
Bhí Aodh Fionn ag machtnamh agus ag machtnamh féachaint conus fhéadfadh sé teacht ar an sgéith, agus is amhlaidh a bhíodh gach machtnamh ag dul sa mhuileann air go dtí gur thárla nídh áirighthe dhó.
D'á mhéid machtnamh a dhein Méibh ar an sgéal, agus ní fhéadadh sí é chur as a h-aigne, iseadh ea ba mhó a chuaidh sé sa mhuileann uirthi.
Samplaí breise
Tá an sgéal ag dul sa mhuilion orm, this business is "going into the mill on me", i.e. becoming bewildering.
Chuaidh an sgéal sa mhuileann orm (air) = Chuaidh sé amuigha orm; theip orm é tabhairt liom sa cheart.
Tá sé ag dul sa mhuileann orm, it is getting beyond my grasp, baffling me.
Chuaidh an sgéal sa mhuileann orm. Níorbh fhéidir dom é thuisgint ná é réidhteach. Chuaidh an sgéal sa bhfraoch orm.
Chuaigh sé sa mhuileann orm: theip glan orm: chuaigh sé sa bhfraoch orm: chuaigh sé amú orm: san agra orm.