Gaois

i gcochall a chéile

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

céile, cochall

Cur síos

In adharca a chéile; in achrann argóna; plé theasaí.

Samplaí corpais

  • Gur bheart conntabharthach dó a leithéid a dhéanamh. Gur bheag sa mbreis, b' fhéidir, a chuirfadh an dá chinéal i gcochall a chéile mar a bhíodar i gcaitheamh na gcéadta blian roimis sin.

  • Iad féin agus a mná agus a gclann ag dul i gcochall a chéile gur dhóigh leat go maireóbhaidís a chéile, agus 'na thaobh san ná marbhuighdís.

  • "Cad é an toirmeasg a dhéanfair?" arsa Conchubhar. "Déanfad," arsa Bricriu, "toirmeasg a chuirfidh ríghthe agus taoisigh agus curaidh agus ceithearnaigh Uladh i gcochall a chéile, go dtí go marbhóchaid siad a chéile siar go deire."

Crostagairtí

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.