ní raghaidh aon chos (de)
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Gan bogadh ó áit.
Samplaí corpais
Cad a dhéanfam anois? Duine acu. - Déanfam an rud atá ceapaithe againn. Ní rachaidh aon chos díom-sa órlach i ndiaidh mo chúil go dtí go mbeidh ceann Mhéibh agam nó mo cheann aici.
Téanam, a Dómhnail. Tá sé chómh maith agatsa teacht leis, a Sheághain, ó aithníghean tú an sgian san. Máire Ní Th. - Ní raghaidh aon chos de Sheágan leat, a Dhiarmuid.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Samplaí breise
1. An rachaidh tú leis? Ní rachaidh ná mo chos. Will you go with him? No, not a foot.
Ní raghainn faid mo choise chun é dh'fheiscint. Ní chorróchainn mo chos. Ní raghainn ón dtroigh go dtí an tsáil chun é dh'fheiscint.