barr méire a chur (ar)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gan teagmháil ar bith a dhéanamh le rud nó le duine.
Samplaí corpais
Bhí na geinte deimhnightheach, nídh nár bh'iongna, go dtógfadh na Iúdaígh chucha féin pé saidhbhreas saoghalta a bhí ag na daoine a marbhuigheadh. Níor thógadar. Níor chuireadar bara méire ar aon phioc de chuid na ndaoine a marbhuigheadh.
"Á, a 'nghín," ar seisean, "ní thuigeann tusa an sgéal i n-aon chor. Sar a mbearraidh aoinne acu mise, beárrfad agus stracfad as na préamhchaibh an uile ruibe féasóige d'á bhfuil ar aoinne acu do mheasfadh barra méire do chur ar aon ruibe liom!"
"Seachain tú féin, a dhuine mhacánta!" ar seisean. "Is caol an rud an dlígh. Ná cuir barra méire orm, nó is duit is measa."
Samplaí breise
1. Ná leag barr méire air, don't lay a finger on him.
Ná buail bárr méire air. Ná bain leis. Ná leag do lámh air, ar aon rud. Ná dein aon chur isteach air.
1. I forbid you to lay a finger on him, crosaim ort barr méire a leagan air.