ar bogmheisce
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Leath ar meisce.
Samplaí corpais
Ansan d'eirigh na seirbhísigh agus do rainneadar bia agus do dháileadar deoch ar na h-uaislibh iasachta san go dtí go raibh a a ndóithin mór ithte agus ólta acu agus go rabh-adar go suairc agus go súgadh, ar bog mheisge.
Ní fhéadaim gan dranagháire dhéanamh nuair a chím duine acu ar bog mheisge agus gan an tarna focal ag teacht as a bheul ná bíon "Dhrink is a curse!" aige thiar leis.
An Ceathramhadh Radharc. Mac Roth agus a naonbhar eachlach 'na suidhe ag bórd. Glainí leanna ar a n-aghaidh amach. Iad ar bog mheisge. Cuid acu ag amhrán agus cuid acu ag caint.
Samplaí breise
Bhí sé ar bog-mheisge = "Maith go leór". D'aitheófá rian an óil go maith air. Bhí sé idir a' bhog sa chruaidh. = Mar a raibh sé ar meisge ach nár bhfada uaidh é.