go bog agus go crua (ar)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gach iarracht a dhéanamh rud a áitiú ar dhuine.
Samplaí corpais
I gcás nár bh'aon bheart shaoráideach dúinn é thabhairt linn. Uaireanta bhíodh sé ag tathant go bog a's go cruaidh orm leogaint dó imtheacht ar feadh tamail bhig agus 'ghá gheallamhaint go dtabharfadh sé tuarastal mór dom as.
Chimíd fear atá chómh saidhbhir le Démur, pé 'r bh'é féin, fear gur b'as an ólachán do fuineadh agus do fáisgeadh a chuid saidhbhris, chímíd an fear san 'n-a sheasamh anáirde ar chlár, agus é ag déanamh cainnte go tréan, ag spídiú agus ag aithisiú ar ól agus ar lucht ólacháin, ag áireamh na n-olc agus na n-aimhleas a thagan de dhruim ólacháin, agus 'ghá iarraidh, go bog a's go cruaidh, ar mhuinntir na h-Éireann a leas do dhéanamh agus eirighe as an ól.
Do dhaoradar chun báis í, ach d'iarradar go bog a's go cruaidh air gan í chur chun báis láithreach ach í chur isteach i bpríosún agus rainnt aimsire do leogaint thairis, le h-eagla go mb'fhéidir go n-atharóchadh a aigne 'n-a taobh agus ansan gur bh'fhearr fhearr leis beó í.
Samplaí breise
1. Chuaigh sé go bog agus go crua orm, he tried to persuade me by all means.
bog nó cruaidh, by any means
3.a. To press someone hard, dul go bog is go crua ar dhuine.