seo agus siúd
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Ní fios cad a dhéantar do dhuine.
Samplaí corpais
Ua Dómhnaill 'n-a cábán agus cuid d'á uaislibh i n' fhóchair. Ua Dómhnaill. - Táimid bodhar ag an bhfear so 'ghá mhaoidheamh go ndéanfid sé so 's súd linn, ach ní'l aon chor aige 'á chur de chun so ná súd a dhéanamh.
D'á bhrígh sin níor ghádh do'n Lonán a tháinig amach puínn eagla bheith aige roimis an gcaint a bhí ar siúbhal idir an dtriúr, istigh i ríghtheighlach Sitric i n-Áth Cliath, nuair a bhíodar 'ghá mhaoidheamh agus 'ghá dhearbhughadh go ndéanfaidís so 's súd leis an Lonán a bhuail an bob ortha, chómh luath agus gheóbhdís greim air.
Nuair a tháinig Sior Seón Norais go dtí an Ródhba níor stad sé ach 'ghá shior-mhaoidheamh go ndéanfadh sé so 's súd le muíntir chúige Connacht. Nuair a chonnaic sé na slóighte sin ar an dtaobh eile de'n abhainn do stad an maoidheamh.
Samplaí breise
Déanfad so 's súd leat. I'll do this and that to you, i.e., "There is no knowing what I won't do to you."
Dhéanfadh sé 'na huirc agus 'na hairc é ar a bhéal. Do réir a chuid cainnte ba dhóigh leat go ndéanfad sé gach uile rud, bog agus cruaidh. Dhéanfad sé cat agus dhá earball air ar a bhéal. Dhéanfadh sé so súd.