ag baint codladh na hoíche (de)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Ag déanamh imní nó buartha do dhuine.
Samplaí corpais
An fhaid a bhí an gnó san ag Héród 'á dhéanamh i dtaobh Huircánuis a thabhairt leis anoir ó Bhaibilóin bhí tuille agus a dhóithin de ghnóthaíbh eile ag déanamh buartha dhó agus ag baint codla na h-oidhche dhe sa bhaile i gcathair Ierúsalem.
Mheasas ansan go gcaithfí na daoine go léir amach as a gcuid tailimh, agus go mbéadh airís againn an léirsgrios a deineadh ar Éirinn i mbliain a h-ocht a's dachad. Bhíodh an machtnamh san ag baint codla na h-oídhche dhíom.
Beidh neart do chúigíbh eile na hÉirean a n-anál do tharang feasda agus a suaineas a ghlacadh agus beatha bhreágh shocair shóghach a bheith acu 'na mbailtibh dúthchais, gan uabhar agus teasbach agus ainnshriantacht Uladh bheith ag baint codla na h-oidhche dhíobh. Gheabhfar sos ó n-a bhfilíbh agus ó n-a lucht aisge agus aoir.
Crostagairtí
Samplaí breise
1. Tá mé ó chodladh na hoíche aige, I can't sleep at night on account of it. Ná cuireadh sé ó chodladh na hoíche thú, don't lose your night's sleep over it.
Bhí imshníomh ag baint codladh na h-oidhche dhe. Bhí imshníomh ag cur codladh na h-oidhche amugha air; ag lot codladh na h-oidhche air.
438. They had always been acustomed to pay any rent that was demanded rather than have the dread of eviction haging over them. Bhí an taithíghe acu riamh ar aon chíos a h-iarfí ortha do dhíol níba thúisge 'ná eagla an eviction a bheith ag baint codla na h-oídhche dhíobh.