tinneas an Luain
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Breoite i ndiaidh an óil; tinneas póite.
Samplaí corpais
"Sé an Satharn agus an Domhnach céadna agat é" le ní fheadar cad é an fhaid, agus an cruadhchás agus an teinneas cinn céadna ar maidin Dé Luain. Is eól duit an seanfhocal, "duine bocht ar thoil Dé - agus duine bocht ar a thoil féin." Nú "duine breóite ar thoil Dé - agus duine breóite ar a thoil féin." Is uathbhasach an dúil é, Dé Satharainn agus Dé Domhnaigh, agus a rádh ná féadfadh teinneas an Luain é leigheas. "Bíon eagal ar an leanbh a dóightear." Ach ní bhíon eagal ar an meisgeóir a dóightear.
Míniú breise
- Tinneas óil, tinneas póite.
- Bíonn a leithéid ar dhuine a théann thar fóir leis an 'mbuidéal'.
- Breóite i ndiaidh an óil, brónach i ndiaidh an airgid Dé Sathairn, Dé Domhnaigh.
- Tá an nath seo coitianta, fiú indiu, tar-éis ragairne na deire seachtaine. Ní tinneas pearsanta a bhíonn i gceist, ach go minic, tinneas aigne.