an mór is fiú
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Mórtas; éirí in airde.
Samplaí corpais
"Ní'l aon daoine eile beó i n-Éirinn ach muintir Chorcaighe féin do chuimhneóch' ar a leithéidh de rogha thabhairt do dhuine. Ach beirtear thar n-ais mé go labhrad le maithibh Chorcaighe, agus go gcuiread raint ceisteana chuca. D'iaras aisge. Chuaidh maithe Chorcaighe i n-urudhas air go raibh an aisge le fághail agam. Ní mór dom a fhios a bheith agam uatha féin an mór is fiú an t-urudhas. Beirtear thar n-ais mé."
"A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," arsa Mac Conglinne, "do tugadh aisge dhom ó Mhainchín. B'é mo cheart ó dhlíghthibh na h-Éirean an aisge sin d'fhághail sar a gcrochfaí mé. Chuadhabhair-se, a mhaithe Chorcaighe, i n-urudhas air go bhfaghainn an aisge sin. Ba mhaith liom anois a fhios a bheith agam uaibh-se féin, an mór is fiú an t-urudhas san."
Tháinig árd-mheas aige air féin láithreach, agus is ar éigin fhéachfadh sé i n-aon chor ar aon ghadhar eile, bhí sé chómh mór san os a gcionn, dar leis. Chonaic an chuid eile an mór-is-fiú go léir, agus bhí ana-spórt acu air.
Samplaí breise
(In phrases) An mór is fiú, something of great account; grandeur, pomposity. Tá an mór is fiú ann, he has a high regard for himself.
Duine mór is fiú iseadh é. Is dóigh leis gur duine mó é. Tá meas an domhain aige air féin.
To lord it, bheith ag déanamh mustair, mór is fiú.
mór is fiú, self-esteem, conceit