Gaois

Mol na bhForbróirí

Cruthaigh cuntas forbróra le Gaois, nuashonraigh do chuid sonraí clárúcháin, nó déan bainistíocht ar do chuid eochracha API anseo.

Mol na bhForbróirí

Doiciméadacht

Buntreoir maidir le hacmhainní sonraí oscailte Gaois a úsáid, foclóirí sonraí agus tuilleadh.

Doiciméadacht

Sonraí Oscailte

Tá grúpa taighde Gaois, i gcomhar lenár bpáirtnéirí tionscadail, ag cur roinnt acmhainní sonraí oscailte ar fáil don phobal. Áirítear leo Comhéadain Feidhmchláir (API) a bhaineann leas as cur chuige REST agus déantáin eile sonraí. Déanann an leathanach seo cur síos ar na hacmhainní atá ar fáil agus tugtar treoir maidir le conas iad a úsáid. Foilsítear doiciméadacht theicniúil a bhaineann lenár gcuid acmhainní sonraí oscailte ar docs.gaois.ie.

Acmhainní

Cuirtear na hacmhainní seo ar fáil faoi cheadúnais a bhaineann le sonraí oscailte. Féach an doiciméadacht chun eolas a fháil ar mhionsonraí a bhaineann le cóipcheart, ceadúnas agus sannadh. Teastaíonn eochair API chun rochtain a fháil ar ár gcuid API JSON. Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie chun d'eochair API a iarraidh nó a athshocrú.


Tacair sonraí eile

Cuirtear na tacair sonraí thíos ar fáil faoi cheadúnas atá níos srianta agus le haghaidh cuspóirí pearsanta amháin. Ní cheadaítear iad a athfhoilsiú i bhfoirm ar bith gan cead a fháil roimh ré ón sealbhóir cóipchirt. Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie má tá aon cheist agat.