Gaois

Bailiúchán téarmaí dlí agus reachtaíochta i nGaeilge a baineadh as bunachar ilteangach téarmaí an Aontais Eorpaigh. Breis eolais »

FINANCE|free movement of capital|financial market · FINANCE|financial institutions and credit|financial services
teicneolaíocht dhílsithe mórleabhar dáilte Tagairt "Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (23.5.2024)"
ga
Comhthéacs Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha fógra d’údarás inniúil a mBallstáit baile faoi aon athrú atá beartaithe ar a samhail ghnó ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar chinneadh ceannaigh aon sealbhóirí nó aon sealbhóirí ionchasacha comharthaí sócmhainn-tagartha, a tharlaíonn tar éis an údaraithe de bhun Airteagal 21 nó tar éis an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas de bhun Airteagal 17, agus i gcomhthéacs Airteagal 23 freisin. Áirítear ar athruithe den sórt sin, i measc nithe eile, aon mhodhnuithe ábhartha ar na nithe seo a leanas:(a) na socruithe rialachais, lena n-áirítear línte tuairiscithe don chomhlacht bainistíochta agus an creat bainistithe riosca;(b) na cúlsócmhainní agus cumhdach na gcúlsócmhainní;(c) na cearta a thugtar do na sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha;(d) an sásra trína ndéantar comhartha sócmhainn-tagartha a eisiúint agus a fhuascailt;(e) na prótacail chun na hidirbhearta i gcomharthaí sócmhainn-tagartha a bhailíochtú;(f) feidhmiú na teicneolaíochta dílsithe mórleabhar dáilte atá ag eisitheoirí, i gcás ina ndéantar na comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint, a aistriú agus a stóráil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte den sórt sin;(g) na sásraí chun leachtacht comharthaí sócmhainn-tagartha a áirithiú, lena n-áirítear an beartas bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 45;(h) na socruithe le heintitis tríú páirtí, lena n-áirítear chun na cúlsócmhainní a bhainistiú agus an cúlchiste a infheistiú, na cúlsócmhainní a chumhdach, agus, i gcás inarb infheidhme, na comharthaí sócmhainn-tagartha a dháileadh ar an bpobal;(i) na nósanna imeachta láimhseála gearán;(j) an measúnú riosca maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus beartais ghinearálta agus nósanna imeachta ginearálta a bhaineann leis.Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha fógra d’údarás inniúil a mBallstáit baile 30 lá oibre ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe atá beartaithe i bhfeidhm. Tagairt "Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (23.5.2024)"
TMD dílsithe Tagairt Téarmeolaithe COM-GA. Gearrfhoirm é seo ina n-úsáidtear an giorrúchán atá ar 'teicneolaíocht mórleabhar dáilte'.
ga
DLT dílseánaigh Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
ga
Comhthéacs 'TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, nó MTF DLT i gcás ina bhfuil cead acu na hidirbhearta a shocrú in urrúis inaistrithe DLT iad féin, ba cheart dóibh na rialacha maidir le feidhmiú an DLT dílseánaigh a oibríonn siad a bhunú, lena n‑áirítear na rialacha maidir le rochtain agus ligean isteach ar an DLT, na rialacha maidir leis na nóid rannpháirteacha agus na rialacha chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, mar aon le bearta bainistithe riosca.' Tagairt "Togra le haghaidh Rialachán maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, CELEX:52020PC0594/GA"
Sainmhíniú "feidhmchlár teicneolaíochta mórleabhar dáilte atá faoi úinéireacht agus an fhreagracht ar an úinéir maidir leis an gcóras agus leis na sonraí sa chóras" Tagairt "Téarmeolaithe COM-GA; arna bhunú ar:Údarás na hÍsiltíre um Thomhaltóirí agus Margaí, Údarás na hÍsiltíre um na Margaí Airgeadais, De Nederlandsche Bank agus Aireacht Airgeadais na hÍsiltíre, Freagairt na hÍsiltíre ar an gcomhairliúchán FinTech: A More Competitive and Innovative European Financial Sector (26.11.2020)"
Nóta os a choinne sin, féach an coincheap difriúil, cé gaolmhar, 'teicneolaiocht neamhdhílsithe mórleabhar dáilte'; sa chás sin, ní bhíonn an córas agus na sonraí araon faoi úinéir áirithe amháin
unternehmenseigene Distributed-Ledger-Technologie
de
proprietary distributed ledger technology | proprietary DLT
en
Sainmhíniú "distributed ledger technology application with an established owner who is responsible for the system and the data in the system" Tagairt "COM-Terminology Coordination, based on:Netherlands Authority for Consumers and Markets, the Netherlands Authority for the Financial Markets, De Nederlandsche Bank and the Netherlands Ministry of Finance, Response of the Netherlands - Consultation document - FinTech: A More Competitive and Innovative European Financial Sector (29.5.2024), pp. 21 and 43"
Nóta as opposed to a ‘non-proprietary’ DLT (e.g. Bitcoin) without an owner of both the system and the data
technologie des registres distribués propriétaire | DLT propriétaire
fr
Sainmhíniú "technologie des registres distribués (DLT) ayant un propriétaire responsable du système et des données que celui-ci contient" Tagairt "COM-FR, d’après Réponse des Pays-Bas à la consultation «FinTech: A More Competitive and Innovative European Financial Sector» (18.12.2020), Autorité néerlandaise des marchés financiers, De Nederlandsche Bank et le ministère néerlandais des finances"