Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

6 thoradh

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343647

    fógra fir4
    ga
    gu fógra, iol fógraí

    teachtaireacht a chuireann an faighteoir ar an eolas faoi fhíoras nó faoi rud

    Déanfar fógra faoi gach achainí agus tuarascáil den sórt sin, agus faoin ordú le haghaidh fiosrúcháin, a thabhairt don fhreagróir sa tslí agus san fhoirm a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, agus do cibé duine eile a ordóidh an Breitheamh.

    Notice of every such petition and report and of the order for inquiry shall be given to the respondent in manner and form hereinafter provided, and to such other person as the Judge may direct.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343254

    Tar éis an tréimhse deich lá sin a bheith caite féadfaidh ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, le foriarratas iar bhfógra, ar ordacháin i dtaobh aon fhianaise breise nó aon fhianaise eile.

    After the expiration of the said period of ten days either party may apply to the Court by motion on notice for directions as to any further or other evidence.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343411

    ráiteas foirmiúil a thugann le fios go bhfuil sé i gceist achomharc a dhéanamh ar chinneadh na cúirte

    Féadfar aon fhógra achomhairc a leasú tráth ar bith ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt Uachtarach.

    Any notice of appeal may be amended at any time on such terms as the Supreme Court may think fit.

    Beidh cumhacht ag an gCúirt Uachtarach an tréimhse ama atá ceaptha leis na Rialacha seo le haghaidh fógra um achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a ghiorrú, ar cibé téarmaí (más ann) a ordóidh sí.

    The Supreme Court shall have power to abridge the time appointed by these Rules for notice of an appeal to the Supreme Court upon terms (if any) as it may direct.

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law

    #343440

    Féadfar nós imeachta le toghairm achomair a ghlacadh sna haicmí éileamh seo a leanas... i gcoinne tionónta a mbeidh a théarma caite nó foirceanta go cuí le fógra fágála...

    Procedure by summary summons may be adopted in the following classes of claims... against a tenant whose term has expired or has been duly determined by notice to quit...

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343297

    Is le fógra foriarratais tionscnaimh a dhéanfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach mura n-ordóidh an Chúirt gur le toghairm iomlánach a dhéanfar é.

    An application for judicial review shall be made by originating notice of motion unless the Court directs that it shall be made by plenary summons.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343315

    Is laistigh d’ocht lá is fiche ón tráth a bheidh ceaptha chun an chosaint a sheachadadh nó, i gcás ina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh ag an gcosantóir i bhfrithéileamh, chun an freagra a sheachadadh, a dhéanfar iarratas ar chead chun an fógra tríú páirtí a eisiúint, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

    Application for leave to issue the third-party notice shall, unless otherwise ordered by the Court, be made within twentyeight days from the time limited for delivering the defence or, where the application is made by the defendant to a counterclaim, the reply.

    Toghairm thionscnaimh, achainí, fógra tionscnaimh foriarratais nó fógra tríú páirtí a tharraingt, a eisiúint, a chomhdú agus a sheirbheáil ar pháirtí amháin (gan freastal ar abhcóide a áireamh)

    Drawing, issuing, filing and service on one party of originating summons, petition, originating notice of motion or third party notice (excluding attendance on counsel)