Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

3 thoradh

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law

    #343781

    cíos fir3
    ga
    gu cíosa, iol cíosanna

    Luafar ann, freisin, sonraí iomlána faoina fhothionóntacht, lena n-áireofar an cíos is iníoctha ina leith, na laethanta gála, agus an méid a bheidh dlite an uair sin i leith riaráistí an chíosa sin anuas go dtí an lá gála deiridh, agus ainm a neastiarna talún.

    It shall also state full particulars of his sub-tenancy, including the rent payable in respect thereof, the gale days, and the amount then due for arrears of such rent up to the last gale day, and the name of his immediate landlord.

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law

    #343359

    Ní bheidh aon dámhachtain chostas sa bhreithiúnas sin, ach beidh an céanna gan dochar do cheart an ghearánaí na costais a chur á bhfómhas ag an oifigeach cuí, agus dul ar aghaidh trí chaingean chun na foghailbhrabúis, na riaráistí cíosa nó an cíos dúbailte agus na damáistí sin, maille le costais, nó aon cheann díobh, a ghnóthú.

    Such judgment shall not contain any award of costs, but same shall be without prejudice to the plaintiff's right to have the costs taxed by the proper officer, and to proceed by action for recovery of such mesne profits, arrears of rent or double rent, damages, and costs, or any of them.

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law
    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343501

    Beidh i ngach breithiúnas nó ordú, cibé slí a bhfaighfear é, chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa ráiteas i dtaobh na suimeanna is iníoctha i leith cíosa agus costas fuascailte.

    Every judgment or order, however obtained, for the recovery of land for non-payment of rent shall contain a statement of the amounts payable in respect of rent and costs for redemption.