Gaois

Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla

Bailíodh na téarmaí seo ag eascairt as tionscadal LEX. Bailiúchán ilghnéitheach téarmaí atá ann gan de cheangal eatarthu ach gur baineadh iad as na hIonstraimí Reachtúla seo a leanas:

  • 97 Ionstraim Reachtúil ón mbliain 1978 (faoin teideal Ionstraimí Reachtúla na hÉireann (eile)/Irish Statutory Instruments (other) sa bhunachar)
  • Formhór Ionstraimí Reachtúla na mblianta 1980 agus 1981 (faoin teideal Ionstraimí Reachtúla na hÉireann (1980, 1981)/Irish Statutory Instruments (1980, 1981) sa bhunachar)
  • Na Rialacha Cúirte Dúiche (IR Uimh. 93 de 1997) (faoin teideal Ionstraimí Reachtúla na hÉireann (1997, 2001)/Irish Statutory Instruments (1997, 2001) sa bhunachar), curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
  • Na Rialacha Cúirte Cuarda (IR Uimh. 510 de 2001) (faoin teideal Ionstraimí Reachtúla na hÉireann (1997, 2001)/Irish Statutory Instruments (1997, 2001) sa bhunachar), curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais