Gaois

Cóip statach de shonraí a easpórtáiltear ó IATE ó am go chéile atá sa chnuasach seo. Níor cheart glacadh leis gurb ionann i gcónaí an t-eolas a thugtar faoi iontráil anseo agus a bhfuil sa leagan reatha den iontráil ar IATE. Is féidir an leagan reatha sin a cheadú ach cliceáil ar an nasc atá ar thaobh na láimhe deise ag barr gach iontrála. Breis eolais »

1 toradh

  1. ENVIRONMENT|environmental policy|climate change policy|emission trading|EU Emissions Trading Scheme
    comhartha faoi phraghas ar charbón Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Comhthéacs 'Tá na rialacha dáileacháin maidir le sciartha ceantála thar a bheith ábhartha le haghaidh aon ioncaim ceantála a d’fhabhrófaí chuig na Ballstáit, go háirithe i bhfianaise an ghá le cumas na mBallstát a neartú le déileáil le tionchair shóisialta comhartha faoi phraghas ar charbón in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. D’ainneoin go bhfuil saintréithe an‑difriúla ag baint leis an dá earnáil, is cuí riail choiteann i gcomhair dáileacháin a shocrú atá cosúil leis an gceann a bhaineann le suiteálacha do‑aistrithe. Ba cheart an phríomhchuid de na lamháltais a dháileadh i measc na mBallstát uile ar bhonn mheándháileadh na n‑astaíochtaí sna hearnálacha arna gcumhdach le linn na tréimhse ó 2016 go 2018.' Tagairt "Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757, CELEX:52021PC0551/GA"
    comhartha faoi phraghas an charbóin Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Comhthéacs 'Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a uaschéimniú 57 , cuireadh i dtábhacht an dúshlán ar leith a bhaineann leis na hastaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh. Dá bhrí sin, d’fhógair an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh a chur san áireamh i bhforbairt bhreise ar thrádáil astaíochtaí. Bhunófaí trádáil astaíochtaí don dá earnáil nua sin le trádáil astaíochtaí ar leith ach fogasach. Ar an gcaoi sin, sheachnófaí aon chur isteach ar an trádáil astaíochtaí dea‑fheidhmithe in earnáil na suiteálacha do-aistrithe agus earnáil na heitlíochta. Tá beartais agus bearta comhlántacha ag gabháil leis an gcóras nua, a thugann cosaint i gcoinne tionchar mhíchuí praghsanna, rud lena múnlaítear ionchais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus arb é is aidhm dóibh comhartha faoi phraghas an charbóin a bhaint amach don gheilleagar iomlán.' Tagairt "Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757, CELEX:52021PC0551/GA"
    carbon price signal
    en
    Sainmhíniú "economic signal provided by carbon price which, when it is effective, stimulates investment in favour of low-carbon alternatives" Tagairt "COM-Terminology Coordination, based on: 'Why investors support a price on carbon' (29.6.2021). World Bank Blogs"
    signal de prix du carbone
    fr