Gaois

Maidir le Gaois

Is grúpa taighde é Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge i nDámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, DCU, a bhfuil léachtóirí, taighdeoirí agus mic léinn iarchéime páirteach ann. Tá sé de mhisean againn acmhainní iontaofa nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú agus a chlaochlú.

Thosaigh obair an ghrúpa i 2004 le tionscadal Focal (téarma.ie anois) agus é de sprioc aige sin bunachar comhtháite de nuathéarmaíocht na Gaeilge a chur ar fáil do chách. Lean an speisialtóireacht sa téarmeolaíocht le tionscadal LEX chun tacaíocht téarmeolaíochta a sholáthar d’institiúidí an AE ó 2008 i leith. Thosaigh an obair ar Logainm, áis chuimsitheach chun sonraí logainmneacha a riar is a roinnt, i 2007. Rinneadh digitiú ar chnuasach beathaisnéisí Ainm agus foilsíodh an suíomh sin i 2011. Ó 2012 i leith, tá muid ag plé le Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Dúchas, agus táimid ag tógáil air sin leis an tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe. Tá Corpas Náisiúnta na Gaeilge á fhorbairt ó 2022 ar aghaidh. Cruthaíodh an suíomh seo, gaois.ie, i 2014 chun acmhainní eile a bhí forbartha ag an bhfoireann a fhoilsiú, acmhainní corpais agus téarmeolaíochta go háirithe.

Is snáithe trí na tionscadail sin uile, agus tionscadail eile nach iad, go mbaintear úsáid as teicneolaíocht nua-aimseartha chun tuiscint a leathnú ar an teanga féin agus ar shaíocht na Gaeilge trí chéile. Aithnítear Gaois as taighde ardchaighdeáin a chur i láthair an phobail ar bhealach oscailte inrochtana.

Is áisitheoir é Gaois a thagann i dtír ar spéiseanna acadúla na foirne, agus ar chumais eile atá le fáil in DCU, chun acmhainní a gcomhpháirtithe a fhorbairt trí rochtain, léirmhíniú agus idirnascadh. Faigheann Gaois maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta), Foras na Gaeilge, AHRC/IRC agus Fondúireacht Bhéaloideas Éireann. I measc a phríomhpháirtithe, tá an Coiste Téarmaíochta, an Brainse Logainmneacha, Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Cló Iar-Chonnacht.