Baisc imleabhar ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe
15 Nollaig 2025
Foilsíodh 26 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní le déanaí. Tá an t-ábhar ar fad ar fáil ar dúchas.ie anois.
15 Nollaig 2025
Foilsíodh 26 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní le déanaí. Tá an t-ábhar ar fad ar fáil ar dúchas.ie anois.
7 Samhain 2025
Cuireadh 300 diosca breise leis an mBailiúchán Fuaime agus 500 grianghraf leis an mBailiúchán Grianghraf ar Dúchas.ie le déanaí.
29 Meán Fómhair 2025
Foilsíodh 20 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní le déanaí. Tá an t-ábhar ar fad ar fáil ar dúchas.ie anois.
12 Bealtaine 2025
Caitear súil ar na hamhráin atá sa bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní agus ar an rangú nua atá curtha leis an gcuardach chun iad a scagadh.
13 Eanáir 2025
Sa bhlagmhír seo, tá nóta faoi na nithe a bheas ar bun ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2025.
15 Eanáir 2024
Sa bhlagmhír seo tá radharc beag ar chuid de na nithe a bheas ar bun ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2024.
3 Aibreán 2023
Seoladh Bailiúchán Béaloidis Árann ar Nollaig na mBan i mbliana. Sárchartlann a chruthaigh Mná Fiontracha Árann ar son mhuintir an oileáin is ea an bailiúchán seo agus is céim mhór chun tosaigh é go bhfuil an chartlann sin caomhnaithe agus curtha ar fáil go digiteach acu anois i gcomhar le grúpa taighde Gaois agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann.
9 Eanáir 2023
Caitear súil chun cinn sa bhlagmhír seo ar roinnt den obair a bheidh idir lámhá againn i gcaitheamh na bliana seo.
13 Eanáir 2022
Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2022. Tá forbairtí suntasacha poiblí beartaithe againn, agus go leor oibre eile ag dul ar aghaidh taobh thiar de na cuirtíní.
28 Meitheamh 2021
Sa bhlagmhír seo, téann muid ag tochailt i mBailiúchán na Scol le heolas a chur ar na cineálacha éagsúla feamainne atá in Éirinn agus ar an leigheas atá ceaptha a bheith ag an bplanda.
3 Bealtaine 2021
Is cúis bhróid dúinn anseo i ngrúpa taighde Gaois go bhfuil borradh mór tagtha ar an líon daoine a chláraigh le Nuachtlitir na dTionscadal le trí bliana anuas. Agus an bhlagmhír seo á réiteach, tá 2,531 duine sa liosta teagmhálaithe s’againne.
1 Feabhra 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
30 Samhain 2020
Sa bhlagmhír seo, déanann Nils Pappers cur síos ar an gcur chuige a bhí aige i leith dúchas.ie a úsáid mar áis teagaisc sa seomra ranga. Is ábhar múinteora agus iar-chomhghleacaí linn é Nils Pappers. Tá an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas á déanamh aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
26 Deireadh Fómhair 2020
Is catalóg de chineálacha scéalta béaloidis é Innéacs Aarne-Thompson (AT) ina n-aithnítear móitífeanna coitianta i seanscéalta idirnáisiúnta.
3 Lúnasa 2020
Rugadh Liam Mac Meanman i Móinín na hEasrach, Gleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, in 1913. Bhuaigh sé scoláireacht le freastal ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sé staidéar ar an Léann Cheilteach. Bhí Séamus Ó Duilearga mar léachtóir aige agus mhol sé dó in 1933 béaloideas a cheantair féin a chnuasach.
27 Aibreán 2020
Ar an Sceachánach, Cathair Dónall, Co. Chiarraí, ar an 11 Feabhra 1896 a rugadh Tadhg Ó Murchadha. Cainteoirí Gaeilge a bhí sna tuismitheoirí ach Béarla a labhraíodh siad sa bhaile. Ní raibh aon Bhéarla ag an tseanmháthair a bhí béal dorais áfach agus file a bhí in athair Thaidhg; is uaidh a chuala Tadhg scéal Fiannaíochta an chéaduair.
24 Feabhra 2020
Is cúis mhór bhróid agus cheiliúrtha dúinn go bhfuil Meitheal Dúchas cúig bliana ar an bhfód! Sílimid gur fiú agus gur mithid súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas.
27 Eanáir 2020
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2020.
7 Deireadh Fómhair 2019
Tá 30 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní digitithe, innéacsaithe agus ar fáil ar dúchas.ie anois. Baineann an t-ábhar leis na 1930idí. Seo thíos liosta de na himleabhair, de na bailitheoirí agus de na háiteanna.
12 Lúnasa 2019
Reáchtáiltear an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta i mí Lúnasa chuile bhliain agus is é téama na seachtaine i mbliana ná Caithimh Aimsire - Aimsir Chaite. Is cuid lárnach de shaol an duine iad caithimh aimsire agus ní taise do mhuintir na hÉireann é. Is féidir teacht ar go leor scéalta suimiúla i mBailiúchán na Scol a thugann spléachadh dúinn ar na caithimh aimsire ba choitianta in Éirinn fadó.