Gaois

An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta

Beidh na céadta imeachtaí cultúrtha ar siúl timpeall na tíre ar fad idir an 19-27 Lúnasa 2017 mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Reáchtáiltear an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta in Éirinn faoi scáth Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhthionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh agus glacann breis agus daichead tír páirt sna ‘laethanta oidhreachta’ seo gach bliain.

Beidh an-chuid de na himeachtaí saor in aisce agus is fiú súil a thabhairt ar an gclár roimh ré agus plean a dhéanamh don tseachtain. Tá cur síos ar gach imeacht ar fáil ar an suíomh gréasáin agus is féidir an cuardach a theorannú ach na téarmaí cuardaigh a scagadh de réir contae, dáta agus/nó cineál imeachta.

Beidh baill d’fhoireann na dtionscadal taighde in Fiontar & Scoil na Gaeilge ag taisteal timpeall na tíre i gcaitheamh na Seachtaine Oidhreachta agus ag tabhairt cainteanna i leabharlanna áitiúla faoin dá Mheitheal atá forbartha againn – Meitheal Dúchas.ie agus Meitheal Logainm.ie. Ní gá ach an téarma ‘Meitheal’ a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh chun teacht ar na sonraí ábhartha. Déan cuardach inniu agus buail isteach chuig do leabharlann áitiúil ar an lá cuí chun tacú linn!