ag cur agus ag cúiteamh
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Ag plé; ag cur trí chéile.
Samplaí corpais
Bhí gach aoinne ag cur 's ag cúiteamh féuchaint conus ba cheart an cás 'na rabhdar do thabhairt airís os cómhair an rígh.
Dá bhfaghadh an capal bás sar a mbeadh díolta as, cad a dhéanfidís ansan? Bhíodar ag cur 's ag cúiteamh ar an gcuma san ar feadh abhfad. Fé dheire shocaruigheadar ar an gcapal do cheannach.
Nuair a thiocfaidh Críost an ndéanfaidh sé níos mó mírbhúiltí 'ná mar a dheineann an duine seo? D'airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur 's ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air.
Crostagairtí
Samplaí breise
5. Bhí siad ag cur is ag cúiteamh, they were arguing back and forth.
Tá sé ag cur 's ag cúiteamh. He is debating in his mind.
Bhíodar ag cur is ag cúiteamh ar cad dob fheárr a dhéanamh. bhíodar ag machtnamh ar cad fheárr a dhéanamh. Bhí sé dá chur tré chéile acu cad dob fheárr a dhéanamh.
Cur agus cúiteamh: ag plé le: ag cur tré chéile: scéal do chur thríd síos is thríd suas.