Gaois

thoir thiar thall

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

thall, thiar, thoir

Cur síos

I ngach uile áit.

Samplaí corpais

  • Dá mbeidhfeá ag caint léi ní fhéadfadh sí dhá fhocal a labhairt gan Éamonn óg thoir thiar thall aici.

  • Cheap na mná láithreach gur droch nídh éigin a bhí tagaithe ar bhuaibh na Cúige agus go raibh an dúthaigh creachta. Ba ghearr ná raibh ar fuid na Cúige, thoir thiar thall, ach liúireach agus ologón agus bualadh bas.

  • Bhí an longphort 'na chuilith guarnain rómpa, slóighte Í Dhomhnaill ag teacht thoir thiar thall air agus nár thúisge bhídís imighthe ó thaobh dé ná mar a bhídís ag brise isteach ann ar thaobh eile.

Crostagairtí

Samplaí breise

  • Bíonn Seán thoir thiar thall aice. Bíonn Seán ins gach aon sgéal aice. Bíonn sí i gcómhnuidhe ag cainnt ar Sheán. Bhodharfadh sí le Seán tú. Ní fhágann sé a béal. Tá Seán 'na Dia beag aice.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.