thíos ná thuas
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Aon áit in aon chor.
Samplaí corpais
Ach ba mhar a chéile é , mar do theip air aon radharc dh'fhághail air amuich 'ná i mbaile. Ní bhfuair sé a thásg ná a thuairisg thíos ná thuas, agus fé dheire d'imthigh an sgéal as a cheann.
Ní'l an gustal agat chuige agus is amhlaidh a beifar ag magadh fút. Déarfar gur ag rith i ndiaidh na h-uaisleachta a bheir. Déanfir éagcóir ort féin. Brisfar thu. Sgoiltfidh ort. Ansan ní bheidh truagh thíos ná thuas duit.
Tá an tuairisg sin go léir, go mion agus go cruinn, thíos sa tseanchus, ar an gcuma ' nar dhein Aodh Ruadh Ó Domhnaill an obair sin i gcúige Connacht, ag cur uasal i gceannas tíortha agus ag cur a thoile féin i bhfeidhm ar fhlathaibh agus ar dhaoine ins gach aon treó baill, agus ní'l aon fhocal, thíos ná thuas, i dtaobh Bhiongom ná cad a bhí ar siubhal aige i gcaitheamh na haimsire sin.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Samplaí breise
Ní bheidh truagh thíos ná thuas duit, there will be no pity for you, up or down; i.e., from those above or below you in situation.
1. Níl siad le feiceáil thíos ná thuas, they are nowhere to be seen.
Ní bhfuaireas thíos ná thuas é. Níor fhéidir liom a dh'fhághail amach cad a bhí ar intinn aige. Ní raibh aon deallramh leis. Ní bhfuaireas aon éifeacht leis. Ní bhfuaireas thoir ná thiar é.
(With neg. expressed or implied) It is nowhere to be found, níl sé le fáil thíos ná thuas.