tásc ná tuairisc
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gan rian de rud nó de dhuine.
Samplaí corpais
Má shiúbhluighdar ní bhfuaradar tásg ná tuairisg ar Mhárséla. Shiubhluighdar cnocáin agus coillte agus gleannta eile mór-thimcheall, agus b'é an sgéal ceadna acu é.
Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaídhe an Luain ann.
Nuair a tháinig an lá ní raibh tásg ná tuairisg ar aon cheann desna capaillibh. Do cuarduigheadh ins gach aon bhall mór-thimcheall na dúthcha i gcian agus i gcomhgar. Ní raibh aon mhaith ann.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Crostagairtí
Samplaí breise
Tásg ná tuairisg is equivalent to the English tale nor tidings.
1. Report of death; death. Níl tásc ná tuairisc air, there are no tidings of him alive or dead; no trace of him is to be found.
Níl tásg ná tuairisg le fagháil air. Níl aon eolas i n-aon chor le fagháil mar gheall air. Níl a thásg ná a thuairisg ann. Níl sgéal ná duain le fagháil air. Níl mioth ná meath fiolair le fagháil air.
2. b. There was no sign of him, ní raibh tásc ná tuairisc air.
Not a vestige of something, gan rian de rud, gan tásc ná tuairisc ar rud.
329. He was on the qui-vive, hoping to hear "tale or tidings" of A. Bhí sé ag faire chuige gach lá feuchaint an aireóch' sé tásg nó tuairisg ar Amhlaoibh.