ag briseadh a gcos
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Ag déanamh tréaniarrachta.
Samplaí corpais
Cogar, a Thaidhg, na daoíne seo atá ag imtheacht leath-chraiceálta, ag brise a gcos a d'iaraidh teacht suas le h-oiread airgid agus bhéarfadh anonn go h-America iad, an bhfuil 'fhios acu cad 'tá rómpa thall?
Do rithfinn faid mo radhairc uaidh! Agus féach, sin iad ár mná uaisle go léir, chomh luath agus gheibhid siad caoi air, ag brise a gcos ag rith a d'iaraidh radharc fhagháil air.
"Dá mb'áil leat-sa," ar seisean leis an gcéad teachtaire, "beagáinín foidhne bheith agat níor ghádh dhuit an ruith a dheinis do dhéanamh anso ainíos, agus níor ghádh dhómh-sa bheith ag briseadh mo chos agus ag cur saothair orm féin ag ruith ainíos ad dhiaig chun gan leigint duit an dúthaigh a chur as a meabhair."
Crostagairtí
Samplaí breise
Tá siad ag briseadh na gcos ina dhiaidh, they are forever running after him; they are crazy about him.
Bhíodar ag briseadh a gcos féachaint cé is túisge bheadh ann. bhí gach duine acu ar a chroidhe díchill a d'iarraidh a bheith ann ar dtúis.