Eagraíodh ceardlann dhátheangach in Fiontar & Scoil na Gaeilge, an 17 & 18 Bealtaine 2018, chun cúrsaí mionlogainmneacha a phlé agus chun spléachadh a thabhairt ar an obair agus ar an taighde atá ar siúl sa réimse. Bhí idir bhaill de chumainn áitiúla oidhreachta agus staire, léachtóirí, mic léinn, múinteoirí, staraithe, taighdeoirí agus tíreolaithe i láthair ag an ócáid agus déantar achoimre sa bhlagmhír seo ar imeachtaí na ceardlainne. »»»
Cruthaíodh cuntas nua Instagram don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie) i dtús na bliana 2018 agus tá breis agus 1,000 leantóir ag an gcuntas anois. »»»
Cuireadh rannóg úr ar ainm.ie i dtreo dheireadh 2016 – Díolamaí. Ba í Díolaim Beathaí 1916 an chéad díolaim a cuireadh leis an rannóg seo agus tá an dara díolaim ar amhránaíocht ar an sean-nós ar fáil ann anois. Tugtar léargas ar chúlra agus ar fhréamhacha an traidisiúin sa chur síos a dhéanann an Dr Síle Denvir sa díolaim nua seo. »»»
Is ardán é gaois.ie chun acmhainní teanga agus téarmaíochta áirithe atá forbartha ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU a chur ar fáil don phobal. Is torthaí taighde iad na hacmhainní seo ar thionscadail a maoiníodh go seachtrach agus ar shaothar taighdeoirí aonair.
Scoil is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge i nDámh na nDaonnachtaí & na nEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina ndéantar teagasc agus taighde idirdhisciplíneach trí mheán na Gaeilge. Tá forbairt agus bainistiú na n‑acmhainní téarma.ie, logainm.ie, ainm.ie agus dúchas.ie faoi chúram Fiontar & Scoil na Gaeilge, mar aon le tionscadail eile i réimse na teicneolaíochta teanga agus na ndaonnachtaí digiteacha.