Gaois

Buaicphointí na bliana 2018

Cuireadh go leor i gcrích in oifigí Gaois i rith 2018.

Lean muid den chomhobair leis an gCoiste Téarmaíochta maidir leis an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, téarma.ie. Tá bogearra nua bainistíochta téarmaíochta darb ainm ‘Terminologue’ á fhorbairt againn le bliain anuas agus tá súil againn go n-éascóidh sé sin obair an Choiste go suntasach nuair a sheolfar é ag tús na bliana nua. Tá leagan nua de shuíomh poiblí www.téarma.ie idir lámha againn freisin, ceann a bheidh lánfhreagúil agus a oibreoidh go rímhaith ar scáileáin idir bheag agus mhór. Seolfar sin go luath an bhliain seo chugainn agus tá muid ar bís le haiseolas a fháil ó úsáideoirí dílse an tsuímh. Ó thaobh na heagarthóireachta de, d’fhuascail foireann Gaois beagnach 3,000 seancheist eagarthóireachta a bhain le téarmaí áirithe sa bhunachar agus rinne siad seiceáil ionchuir ar bhreis agus 7,000 eile. Ar chuid de na téarmaí ba thráthúla a cuireadh leis an mbunachar i mbliana bhí tionchaire, mílaoiseach, an féin idéalach, daoine ar ioncam íseal, priontáil 3T, margadh na gcíosanna fadtéarmacha agus fraiceáil.

Maidir le tionscadal IATE, a chuireann seirbhísí téarmeolaíochta ar fáil do na haonaid Ghaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha, phróiseáil muid thart ar 4,000 iontráil Ghaeilge as bunachar IATE i mbliana. Foilseofar na hiontrálacha sin i mbunachar téarmaíochta gaois.ie chomh maith, ar ndóigh. Cuireadh tionscadal IATE i láthair ag Cruinniú Mullaigh EAFT i mí na Samhna, agus ag comhdháil Euralex sa tSlóivéin i mí Iúil.

Cuireadh le líon na bhfocal i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha ar gaois.ie. I measc an ábhair nua tá cartlann na hirise acadúla Léann Teanga: An Reiviú. Tá sprioc thábhachtach bainte amach againn ó tharla go bhfuil os cionn 20 milliún focal sa Chorpas anois agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach uile dhuine a sholáthar togha agus rogha an ábhair dúinn go dtí seo.

I measc an ábhair a cuireadh leis an gCorpas Comhthreomhar, tá leagan ailínithe de Rialacha na nUaschúirteanna. Cuireadh liosta cuimsitheach de ghearrtheidil Achtanna an Oireachtais leis an mbunachar téarmaíochta ar Gaois, chomh maith leis na mílte iontrálacha nua ó bhunachar IATE.

I gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, tá 8 mbeatha nua le cur le suíomh Ainm.ie an tseachtain seo féin. Daoine a fuair bás sa tréimhse 2016-17 is mó atá i gceist sa bhaisc seo. Scríobh ár gcomhghleacaí, an Dr Síle Denvir, díolaim mar gheall ar amhránaithe ar an sean-nós agus chruthaigh muid áis nua le dáileadh agus gluaiseacht na n-ábhar beatha a léiriú ar léarscáil.

dhá mhórthionscadal shluafhoinsithe ar siúl againn a bhfuil ag éirí thar barr leo. Rinne Meitheal Dúchas.ie trascríobh ar 75,000 leathanach (9.2 milliún focal) as Bailiúchán na Scol i mbliana, agus sháraigh muid an 100,000 leathnach tras-scríofa i mí an Mhárta. Maidir le Meitheal Logainm.ie, cuireadh roinnt bailiúchán suntasach leis i mbliana: Logainmneacha as Paróiste na Rinne, Co. Phort Láirge (917 taifead), Mionainmneacha Cho. Luimnigh (1,000 taifead) agus Tionscadal Taifeadta Ainmneacha Páirce na hIarmhí (274 taifead). Tá 286 úsáideoir cláraithe ar Mheitheal Logainm.ie anois agus tá 4,692 mionainm (bailiúcháin as an áireamh) ionchurtha acu. Bhí deis againn an obair sin a chíoradh ag an gCeardlann Mionlogainmneacha a reáchtáil muid anseo ar Champas na Naomh Uile i mí na Bealtaine. Cuireadh áiseanna taifeadta fuaime leis an bhfeidhmchlár i mí Feabhra na bliana seo chomh maith.

Maidir le Logainm féin, bhí na heagarthóirí ag obair ar thagairtí stairiúla a ionchur sa bhunachar (16,327 tagairt nua a cuireadh isteach i mbliana), agus ar liosta de shráideanna na tíre a thiomsú. Cuireadh 1,599 taifead nua leis an mbunachar i mbliana. Scríobhadh blagmhíreanna mar gheall ar logainmneacha an tsamhraidh agus mar gheall ar Bhanríonacha agus Bhandéithe i logainmneacha na hÉireann. Bhí an tionscadal deich mbliana ar an saol i mí Deireadh Fómhair.

Cuireadh bailiúchán nua le Dúchas i mbliana, ábhar as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, agus os cionn 4,000 scéal i gceist. Sheol muid an t-ábhar sin ag Oireachtas na Samhna, agus tá sé á chíoradh is á scaipeadh againn ó shin. Scríobhadh blagmhíreanna mar gheall ghnéithe áirithe den suíomh, ar nós leigheasanna, Aonach an Phoic agus gnásanna baiste. Cuireadh an obair i láthair ag an gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann i gCorcaigh i mí an Mheithimh agus ag comhdháil de chuid SELCIE (Scotland’s Early Literature for Children Initiative) i nDún Éideann i mí na Samhna agus Opening Up the Archives mar théama na comhdhála. Foilsíodh páipéar ar thráchtaireacht an mhúinteora ar imleabhair Bhailiúchán na Scol in iris Béaloideas 85 (2017).

Rinneadh forbairtí eile sa chúlra. Tar éis na mblianta a chaitheamh ag óstáil ár gcuid suíomhanna agus bunachar go fisiciúil i DCU, rinneamar cinneadh iad a bhogadh go dtí an néal agus dul le seirbhís néalríomhaireachta Microsoft Azure. Tá ár gcuid feidhmchlár agus sonraí stóráilte anois i néal na hEorpa Thuaidh de chuid Microsoft, ach iontas na n-iontas, tá an néal seo in Éirinn, anseo le bheith beacht! Tá an tseirbhís a chuirimid ar fáil i bhfad níos cobhsaí agus níos athléimní anois mar gheall ar an aistriú seo.

Bíonn deis againn go minic glacadh le mic léinn ar thréimhsí taithí oibre agus i mbliana ghlac muid le mic léinn as Notre Dame, as UCC, as UCD agus as clár dár gcuid féin, Gaeilge agus Iriseoireacht in Fiontar & Scoil na Gaeilge. Tá beirt mhac léinn PhD ag obair ar na tionscadail i láthair na huaire agus chuir Justin Ó Gliasáin a chuid taighde ar mhionlogainmneacha Chill Dara i láthair ag seisiún póstaeir de chuid an Irish Postgraduate Research Conference agus ag PubhD Bhaile Átha Cliath. Thosaigh Michelle Dunne i mbun taighde ar bhéaloideas Chontae an Chláir i mbliana chomh maith.