Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

10 dtoradh

    • Dlí » Dlí an Chomharbais Law » Law of Succession

    #343688

    Ar an toghairm a eisiúint taiscfidh an gearánaí san Oifig Phrobháide, mura mbeidh sin déanta aige cheana féin, caveat dar teideal maidir le heastát an duine éagtha.

    On issuing the summons the plaintiff shall, if he has not already so done, lodge a caveat in the Probate Office entitled in the estate of the deceased person.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343299

    Má éilítear é, cuirfidh an Cláraitheoir Contae faoi deara, freisin, cóip oifige a dhéanamh d’aon sliocht nó d’aon fhógra sásaimh...

    The County Registrar shall also, if required, cause an office copy to be made of any extract or notice of satisfaction...

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343671

    Déanfaidh an Máistir Fómhais mionsonraí faoi ítimí a cheadófar agus a dhícheadófar a nótáil ar an mbille costas bunaidh agus coinneofar an bille in Oifig na Máistrí Fómhais.

    The Taxing Master shall note on the original bill of costs details of items allowed and disallowed and the bill shall be retained in the Taxing Masters' Office.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343717

    Déanfar gach liosta den sórt sin, maille le cóip fhianaithe den mhionnscríbhinn sin, a fhágáil in Oifig an Scrúdaitheora tráth nach déanaí ná trí lá tar éis an mhionnscríbhinn a chomhdú.

    Every such list and an attested copy of such affidavit shall be left at the Examiner's Office not later than three days after the filing of the affidavit.

    Gach eireadóir den sórt sin a bhfuil aon urrús aige, ceanglaítear air an t-urrús sin a thabhairt ar aird in Oifig an Scrúdaitheora an lá de 19 , ar a haon déag a chlog roimh nóin, is é sin, an t-am atá ceaptha chun na héilimh a bhreithniú.

    Every such incumbrancer holding any security is required to produce the same at the Examiners' Office on the day of 19 , at eleven o'clock in the forenoon, being the time appointed for adjudicating on the claims.

    • Dlí » Dlí Cuideachtaí Law » Company Law

    #343551

    Coimeádfar cóipeanna iomlána den liosta sin in oifig chláraithe na cuideachta agus in oifigí a n-aturnae agus a ngníomhaire (más ann) i mBaile Átha Cliath, agus aon duine ar mian leis é a iniúchadh féadfaidh sé, tráth ar bith le linn gnáthuaireanta gnó, é a iniúchadh agus sleachta a bhaint as.

    Complete copies of such list shall be kept at the registered office of the company and at the offices of their solicitor and Dublin agent (if any) and any person who wishes to inspect the same may, at any time during the ordinary hours of business, inspect and take extracts from the same.

    • Dlí » Dlí Cuideachtaí Law » Company Law

    #343283

    Déanfaidh an t-iarratasóir freisin, má cheanglaíonn an Chúirt nó an Ceannasaí é sin air, sonraíocht nua agus líníochtaí arna leasú, agus iad sin ullmhaithe a mhéid is féidir de réir na Rialacha Maoine Tionscail a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a fhágáil in Oifig na bPaitinní.

    The applicant shall also if required to do so by the Court or the Controller, leave at the Patents Office a new specification and drawings as amended, the same being prepared so far as may be in accordance with the Industrial Property Rules for the time being in force.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343702

    Déanfar leabhar, dá ngairfear Leabhar Cúiseanna, a choimeád in Oifig na gCoimircithe Cúirte, ar leabhar é ina dtaifeadfar na himeachtaí go léir den sórt sin.

    There shall be in the Office of Wards of Court a book, to be called a Cause Book, in which all such proceedings shall be entered.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343743

    Nuair a ordófar forghairm a fhógairt, déanfar na nuachtáin ina mbeidh an fógrán a chomhdú sa PhríomhOifig i dteannta na forghairme.

    When it is ordered that a citation shall be advertised, the newspapers containing the advertisement shall be filed in the Central Office with the citation.

    Ní rachaidh achainíoch ar aghaidh, tar éis forghairm a bhaint amach, go dtí go mbeidh láithreas taifeadta ag na freagróirí nó thar a gceann, nó go dtí go suífear le mionnscríbhinn, arna comhdú sa Phríomh-Oifig, iad a bheith forghairthe go cuí agus gan a bheith tar éis láithriú.

    A petitioner may not proceed, after having extracted a citation, until an appearance shall have been entered by or on behalf of the respondents, or it shall be shown by affidavit, filed in the Central Office, that they have been duly cited and have not appeared.

    • Dlí » Dlí Cuideachtaí Law » Company Law

    #343379

    Ní cead do Leachtaitheoir Oifigiúil cuideachta... aon bhronntanas, aisce, luach saothair, sochar oifige, nó aon chomaoin in airgead nó eile... de bhreis ar cibé luach saothair a mbeidh sé ina theideal go cuí faoi fhorálacha an Achta nó an Ordaithe seo, nó amach ón luach saothair sin...

    The Official Liquidator of a company... shall not under any circumstances whatever accept... any gift, gratuity, remuneration, emolument, or pecuniary or other consideration or benefit whatever in addition to or apart from such remuneration as he may properly be entitled to under the provisions of the Act or this Order...