Duaiseanna Archive Achievement FIAT/IFTA 2025
14 Iúil 2025
Tá an-áthas orainn go bhfuil Taisce Chanúintí na Gaeilge (Repository of Irish Dialects) gearrliostaithe do dhuaiseanna Archive Achievement FIAT/IFTA 2025 sa chatagóir Unlocking the value and potential of archives. Is ardmholadh é an t-ainmniúchán ar an gcomhthionscadal seo idir Cartlann RTÉ agus Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) a bhfuil sé mar aidhm aige oidhreacht shaibhir chanúnach na hÉireann a chaomhnú agus a roinnt leis an bpobal. Beidh an searmanas bronnta ar siúl sa Róimh i mí Deireadh Fómhair.